Skip to main content

Le Creat-Treoir Uisce AE (2000/60/CE) éilítear ar gach Ballstát caighdeán
an uisce a chosaint agus feabhas a chur air sna huiscí uile chun gur
féidir linn stádas maith éiceolaíochta a bhaint amach faoi 2015 nó, ar a
dhéanaí, faoi 2027. Tugadh éifeacht dhlíthiúil dó in Éirinn le Rialacháin
na gComhphobal Eorpach (an Beartas Uisce) 2003 (I.R. Uimh. 722 de
2003). Tá feidhm aige i ndáil le haibhneacha, lochanna, screamhuisce,
agus le huiscí cósta idirthréimhseacha.

Éilítear leis an Treoir go n-ullmhaítear pleananna bainistíochta ar bhonn abhantraí agus sonraítear léi
modh struchtúrtha chun na pleananna seo a fhorbairt. Déantar pleananna bainistíochta abhantraí, a
ndéantar athbhreithniú orthu agus a n-ullmhaítear iad gach sé bliana i ndiaidh comhairliúchán poiblí
fairsing, a cheapadh chun timpeallacht an uisce a chosaint agus feabhas a chur uirthi. Tá an 3ú
tréimhse den Phlean Bainistíochta Abhantraí do 2022-2027 á tabhairt chun críche faoi láthair. Is
féidir tuilleadh eolais ar Phlean Bainistíochta Abhantraí 2022-2027 a fháil anseo agus ag an nasc thíos.