Skip to main content

Is tionscadail chomhtháite LIFE AE é Uiscí LIFE, a bhfuil sé d’aidhm aige cuidiú le meath uiscí na hÉireann is mó gan mhilleadh a chur ina cheart.

I measc na dtreochtaí maidir le caighdeán an uisce in Éirinn ar cúis imní iad, a mhaireann tamall fada agus atá leanúnach, tá cailliúint leanúnach na n-uiscí a bhfuil ardstádas acu. Tá cúis agus éifeacht a thuigtear go rímhaith ag treochtaí eile maidir le caighdeán an uisce, a bhfuil pleananna mionsonraithe curtha i bhfeidhm ina leith chun na tionchair a mhaolú. Tá tuilleadh gníomhaíochtaí ag teastáil chun na huiscí gan mhilleadh a chosaint. Is sruthanna ardtalaimh iad an-chuid de na sruthanna seo. Ar cheann de na príomhphrionsabail atá mar bhuntaca faoin gCreat-Treoir Uisce tá na huiscí seo a chosaint agus a athchóiriú.

Is é cuspóir foriomlán Uiscí LIFE IP tacú le cur chun feidhme na mbeart chun Uiscí a bhfuil Ardstádas acu a chosaint agus a neartú agus dá bhrí sin tacú le hobair Chlár Dobharcheantar Blue Dot.

Ár bhFís agus Luachanna

Obair le chéile chun ár gcomhshaol agus ár bpobail tuaithe a chosaint, a athchóiriú, meas a léiriú orthu agus iad a choinneáil.

Beidh Uiscí LIFE IP ina thionscadal taispeántais ar scála dobharcheantair chun éifeachtacht chur chun feidhme na mbeart ‘dea-chleachtais’ a chuirtear in oiriúint go háitiúil a thástáil agus a bhailíochtú ar fud réimse tírdhreach agus úsáide talún a bhaineann le dobharcheantair na n-uiscí a bhfuil ardstádas acu. Leis an tionscadal seo déanfar cur chun feidhme na mbeart ar scála dobharcheantair thar roinnt dobharcheantair phíolótacha a thástáil agus a bhailíochtú d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An tuiscint agus an inacmhainneacht theicniúil a fhorbairt i ndáil le dearadh agus le cur chun feidhme beart ar fud réimse príomhúsáidí talún chun réitigh éifeachtacha a chur ar fáil ar scála ar fud na ndobharcheantar chun uiscí a bhfuil ardstádas acu a chosaint;
  • Úinéireacht phobail agus úinéara talún na ngníomhaíochtaí atá beartaithe a chur chun cinn agus rannpháirtíocht an phobail a chinntiú i ngníomhaíochtaí bainistíochta úsáide talún a fhorbairt atá le cur chun feidhme;
  • Moltaí a dhéanamh a dhéanfaidh eolas do bhearta agrachomhshaoil agus foraoiseachta amach anseo agus a dhéanfaidh soláthar do bhainistíocht inbhuanaithe fadtéarmaí na gceantar a bhfuil ardstádas acu;
  • Léirthuiscint an phobail a neartú i leith éiceolaíocht, éiceachórais agus luach ard nádúrtha caipitil na n-uiscí a bhfuil ardstádas acu agus a ndobharcheantar;
  • Sineirgí a fhorbairt agus a chothú idir bearta a chuirtear chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna maidir le caighdeán an uisce agus cuspóirí bithéagsúlachta lena mbaineann laistigh de dhobharcheantair na n-uiscí a bhfuil ardstádas acu, agus:
  • Monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a chuirtear chun feidhme agus í a léiriú.

Leis an tionscadal léireofar cur chun feidhme éifeachtach cuir chuige comhtháite atá bunaithe ar dhobharcheantair do bhearta a chur i bhfeidhm chun gach uisce a chosaint agus/nó a athchóiriú ar aithníodh cuspóir ardstádais dó i bPlean Bainistíochta Abhantraí na hÉireann.

Cuirfear chun feidhme é thar sé fho-dhobharcheantar a bhfuil ardstádas aige ina gcuimsítear meascán d’úsáidí talún mar is dual do dhobharcheantair dá leithéid. Tuairim is 120-130 km2 a bheidh in achar gach dobharcheantair. Roghnófar dobharcheantar amháin as na sé dhobharcheantar ar an mbonn gur léirigh sé coinníollacha ardstádais i gcónaí roimhe seo agus ‘Nach bhfuil sé i mBaol’ faoi láthair nach mbainfidh sé na cuspóirí WFD atá aige amach sa todhchaí. Beidh sé seo ina dhobharcheantar rialaithe agus úsáidfear é chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an athruithe aeráide a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar uiscí a bhfuil ardstádas acu le himeacht ama. Cuirfear socruithe monatóireachta i bhfeidhm chun aon athrú ar úsáid talún laistigh den dhobharcheantar rialaithe a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar stádas an uisce a bheidh ann amach anseo a aithint ag tráth éigin níos déanaí.

Project Partners