Skip to main content

Cúrsaí Talmhaíochta

Is ar mhaithe le talmhaíocht an úsáid is coitianta a bhaintear as talamh in Éirinn – is ionann é agus beagnach dhá thrian (65%) den talamh. Tá sé aitheanta mar bhrú suntasach i gcás 22% de dhobharlaigh a bhfuil cuspóir ardstádais ag baint leo agus a bhfuil baol ann nach mbainfidh siad amach a gcuspóirí maidir le caighdeán uisce.

Brúnna talmhaíochta


Is cothaithigh iomarcacha an fhadhb is coitianta maidir le caighdeán uisce a eascraíonn as talmhaíocht, agus is iad is cúis le heotrófú. Is fosfar, go hiondúil, an fhadhb a bhíonn i gceist d’aibhneacha agus lochanna, agus an iomarca nítrigine d’inbhir agus d’uiscí cósta. D’fhéadfadh amóiniam iomarcach a bheith ina fhadhb i ndobharlaigh áirithe.

D’fhéadfadh caillteanais cothaitheach ón talmhaíocht eascairt as foinsí scoite nó poncfhoinsí amhail clóis feirme, nó as foinsí scaipthe amhail leasacháin cheimiceacha nó aoileach a bheith scaipthe.

Tá sé aitheanta ag faireachán bitheolaíoch go bhfuil fadhb le dríodar mín iomarcach in aibhneacha áirithe. Líonann dríodar mín na spásanna idir gairbhéil níos mó sa leaba shrutha agus d’fhéadfadh sé a bheith ina bhac ar fheidhmíochtaí éiceachórais uiscigh, go háirithe sna huiscí ardstádais atá níos íogaire.

I measc gnáthfhoinsí dríodair a thagann as gníomhaíochtaí talmhaíochta tá: rith chun srutha ó thalamh treafa nó arúil agus bóithre feirme; creimeadh ar bhruacha abhann ag pointe rochtana eallaí agus; siltean talún agus cothabháil cainéil. I measc roghanna maolaithe d’fhéadfadh na rudaí a leanas a bheith i gceist, eisiamh beostoic, fál a chur timpeall ar bhruach na habhann, locháin mhaolaithe agus bainistiú cúramach ar chlaíocha agus ar dhraenáil.

D’fhonn na huiscí gan mhilleadh atá againn laistigh de cheantair a bhfuil cuspóir ardstádais ag baint leo a choimeád agus a chosaint, tá sé ríthábhachtach dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le caillteanais cothaitheach agus dríodrú. Oibreoidh Tionscadal Comhtháite Uiscí LIFE i gcomhar le feirmeoirí chun bearta maolaithe cuí a fhorbairt agus a thástáil chun aibhneacha na tíre laistigh de dhobharcheantair ardstádais ar mhaithe le cách.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar na héifeachtaí a bhíonn ag an talmhaíocht ar chaighdeán uisce, téigh chuig catchments.ie