Skip to main content

Úinéirí Talún & Grúpaí Leasa


Úinéirí Tí

Is as an dabhach shéarachais nó as córais cóireála fuíolluisce tí eile (CCFT) a thagann príomhfhoinse an truaillithe ó thithe, go háirithe, tithe aonair faoin tuath.

Córais cóireála fuíolluisce tí


Is é an dabhach shéarachais nó córais cóireála fuíolluisce tí eile (CCFT) príomhfhoinse an truaillithe ó thithe, go háirithe, ó thithe aonair faoin tuath. Is féidir le córais den sórt sin cothaithigh, ábhar orgánach agus miocróib a scaoileadh sa timpeallacht a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chaighdeán an uisce, ar shláinte phoiblí agus ar chaighdeán an tsaoil.

Má tá tú ag tógáil teach nua a bhainfidh leas as dabhach shéarachais nó as CCFT eile, ba cheart duit an méid seo a leanas a chinntiú: rinne measúnóir suímh cáilithe do shuíomh a mheas; tá an córas deartha de réir an chaighdeáin is gá agus; tá sé suiteáilte agus cothabháilte i gceart.

Má tá dabhach shéarachais nó CCFT eile agat cheana féin ba cheart duit a chinntiú go gcothabháltar go leordhóthanach í trí shloda a bhaint go rialta agus go bhfuil sí ag leanúint den obair de réir mar is gá.

Eolas Úsáideach


Cuireann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) eolas agus comhairle iontach agus cuimsitheach ar fáil d’úinéirí tí maidir le gach gné de dhabhcha séarachais agus CCFT ar a suíomh gréasáin. Is féidir rochtain a fháil ar an ábhar seo trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin GCC.