Skip to main content

Brúnna bainte móna


I measc na bpríomhtionchar ar chaighdeán uisce agus gnáthóg abhann a eascraíonn as baint mhóna agus draenáil tá scaoileadh amóiniam agus dríodar mínghráinneach ar fuaidreamh agus athrú fisiceach ar ghnáthóga uisceacha. Is iad na cásanna is dóichí a chruthóidh dríodar ar fuaidreamh ó mhóin ná:

  • Baint mhóna mheicnithe ina gcruthaíonn muilleáil, triomúchán agus fuirseadh, agus baint mhóna cáithníní scaoilte móna ar féidir iad a thabhairt nó a shéideadh amach i sruthanna;
  • Cainéal draenála a chur isteach i móin a mbíonn mar thoradh air conairí srutha do dhríodar chun dobharlaigh a bhaint amach agus;
  • Creimeadh i ndiaidh báisteach throm.

Eascraíonn an t-amóiniam as an maoschlár a ísliú sa mhóin nuair atá sé draenáilte, rud a bhriseann an mhóin síos agus a scaoileann amóiniam. Teastaíonn tuilleadh taighde chun an próiseas seo agus an tionchar i gcomhar a bhíonn ag amóiniam, pH agus carbón orgánach tuaslagtha ar an gcomhshaol uisceach a thuiscint go beacht.

Bíonn athruithe ar bhail hidreamoirfeolaíochta aibhneacha mar thoradh ar thailte móna a dhraenáil, mar shampla, athrú ar ghrinneall an chainéil agus ar limistéar bruachthalún, atreoruithe cainéil abhann a dhéanann líonra na habhann a athrú, ceangal draenacha talún le líonra na habhann, agus an córas srutha agus dríodair a athrú. Chun tuilleadh eolais a fháil ar na héifeachtaí a bhíonn ag an talmhaíocht ar chaighdeán uisce, téigh chuig catchments.ie