Skip to main content

Foraoiseacht

Is talamh foraoiseachta tráchtála thart ar an deichiú cuid de thalamh na hÉireann. Tá foraoiseacht tráchtála aitheanta mar bhrú suntasach i gcás 20% de dhobharlaigh a bhfuil cuspóir ardstádais ag baint leo a bhfuil baol ann nach mbainfidh siad amach a gcuspóirí maidir le caighdeán uisce.

Brúnna foraoiseachta


D’fhéadfadh gníomhaíochtaí foraoiseachta tionchar a imirt ar chaighdeán uisce trí chothaithigh agus dríodar a scaoileadh amach in aibhneacha agus lochanna. D’fhéadfadh foraoiseacht a bheith ina cúis chomh maith le haigéadú, athruithe fisiceacha ar ghnáthóga agus athruithe ar leibhéal agus/nó sruth an uisce.

Má scaoiltear an iomarca dríodair mhín amach in aibhneacha agus lochanna na tíre d’fhéadfadh sé cur isteach ar éiceachórais uisceacha tríd na spásanna idir gairbhéil níos mó sa leaba shrutha a líonadh. Tá an Diúilicín Péarla Fionnuisce, ar speiceas é a bhfuil baol criticiúil ann dó, an-íogair do dhríodar mín. Tá sé an-tábhachtach gníomhaíochtaí foraoiseachta a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar chaighdeán uisce a phleanáil agus a bhainistiú i gceart chun speicis amhail an Diúilicín Péarla Fionnuisce a chosaint.

D’fhéadfadh tionchar chomh maith a bheith ag caillteanais cothaitheach ó fhoinsí foraoiseachta ar chaighdeán uisce laistigh de dhobharcheantair a bhfuil Cuspóir Ardstádais acu trí eotrófú a dhéanamh i ndobharlaigh na tíre. Tarlaíonn eotrófú nuair a ritheann cothaithigh iomarcacha le sruth ón talamh agus amach ansin i ndobharlach, agus fás dlúth tarlú i mbeatha phlandúil dá bharr. Laghdaíonn sin an tiúchan ocsaigine san uisce agus bíonn sé deacair ag speicis áirithe maireachtáil dá bharr.

Beidh tionscadal Uiscí LIFE ag obair in éineacht le húinéirí foraoise chun bealaí chun tionchair a mhaolú laistigh de na dobharcheantair phíolótacha a phlé. Chun tuilleadh eolais a fháil ar na héifeachtaí a bhíonn ag an bhforaoiseacht ar chaighdeán uisce, téigh chuig catchments.ie