Skip to main content

Is é atá i gClár LIFE (Fraincis: L’Instrument Financier pour l’Environement) uirlis maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide. Is é atá de chuspóir go ginearálta le LIFE leas a dhéanamh maidir le beartas agus reachtaíocht AE maidir le cúrsaí timpeallachta agus aeráide a chur i bhfeidhm trí chomhchistíocht a dhéanamh ar thionscadail a mbíonn breisluach leo ag an Eoraip.

Cuireadh tús le LIFE in 1992 agus bhí cúig chéim den chlár ann go dtí seo. Le linn na tréimhse seo, rinne LIFE comhchistíocht ar 4600 tionscadal ar fud AE, ar fiú thart ar 5.5 billiún Euro an ranníocaíocht iomlán chun an comhshaol agus an aeráid a chosaint.

0

tionscadal ar a ndearna LIFE comhchistíocht

0 Billion

Billiún an Ranníocaíocht Iomlán

Rialachán LIFE 2021-2027


Tháinig Rialachán nua LIFE 2021-2027, Rialachán (AE) 2021/783, i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2021 agus tá feidhm chúlghabhálach aige ón 1 Eanáir 2021. Is fiú €5.432 billiún an t-imchlúdach airgeadais don chlár faoin rialachán nua, rud a léiríonn méadú suntasach i gcomparáid leis an €3.46 billiún a bhí ar fáil don chlár faoi reachtaíocht roimhe seo.

Tá aon duine dlíthiúil atá cláraithe san AE incháilithe le hiarratas a dhéanamh, agus moltar d’eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha atá ag lorg comhchistíochta do thionscadail iarratais a dhéanamh. Is féidir le cuideachtaí móra agus beaga, leis an rialtas áitiúil agus le húdaráis phoiblí eile, le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha, le hInstitiúidí Ardoideachais agus le grúpaí comhphobail páirt a ghlacadh. Seoltar glao ar thograí gach bliain, agus i ndiaidh roghnúchán iomaíoch a dhéanamh, tugtar deontais do thionscadail ar fiú idir €1 milliún agus €5 milliún iad de ghnáth a mbíonn tréimhsí idir trí agus cúig bliana i gceist leo.

Is iad 60%, 75% agus 95% uasrátaí comhmhchistíochta AE do thionscadail, ag brath ar chineál agus ar thopaic an tionscadail. Is foinsí úsáideacha eolais maidir le topaicí tionscadail agus le réimsí beartais iad an Clár Oibre Ilbhliantúil (MAWP) 2021-2024 agus an Doiciméadacht a bhaineann le Glao 2021. Sonraítear na critéir incháilitheachta do na cineálacha éagsúla tionscadail in MAWP 2021-2024 agus foilsítear na treoirlínte iarratais i dteannta gach glao.

Tionscadail Chomhtháite LIFE AE


Tacaíonn tionscadail Chomhtháite LIFE AE amhail uiscí LIFE, le húdaráis i mBallstáit AE chun pleananna, cláir agus straitéisí comhshaoil agus aeráide a chur chun feidhme arna bhforbairt ar leibhéal réigiúnach, ilréigiúnach nó náisiúnta. Cuidíonn siad leis na Ballstáit reachtaíocht AE a chomhlíonadh sna sé réimse seo a leanas: An Nádúr, na hUiscí, an tAer, an Dramhaíl, Maolú ar an Athrú Aeráide, Oiriúnú don Athrú Aeráide.