Skip to main content

Iontaobhais Aibhneacha


Is féidir le grúpaí pobail atá ann cheana amhail Grúpaí Bailte Slachtmhara nó Comhairlí Pobail tionscadail a bhaineann le haibhneacha a dhéanamh agus d’fhéadfadh na tionscadal a bheith ag baint le feasacht a ardú nó leis an eolaíocht saoránach nó le hoibreacha ionsrutha fisiciúla. Mar sin féin, b’fhéidir gur mhian le do phobal áitiúil grúpa a bhunú atá tiomnaithe do thionscadail aibhneacha, amhail Iontaobhas Aibhneacha. Is éard atá i gceist le hIontaobhais Aibhneacha carthanachtaí áitiúla a bhunaíonn daoine áitiúla chun aire a thabhairt do chaighdeán na n-aibhneacha, na sruthanna nó na lochanna i ndobharcheantar ar leith, é a chosaint agus feabhas a chur air. Tá stair fhada ag Iontaobhais Aibhneacha sa Ríocht Aontaithe agus, le blianta beaga anuas, bunaíodh níos mó agus níos mó grúpaí den sórt sin chun aire a thabhairt d’Aibhneacha na hÉireann. Faoi láthair tá 10 n-iontaobhas aibhneacha gníomhach in Éirinn. Is iad sin:

  • Iontaobhas Aibhneacha na Bandan (Corcaigh)
  • Iontaobhas Abhainn na Dóinne (Corcaigh)
  • Iontaobhas Aibhneacha Inis Eoghain (Dún na nGall)
  • Iontaobhas Aibhneacha Erne (Dún na nGall)
  • Iontaobhas Lochanna agus Aibhneacha an Choireáin (Ciarraí)
  • Iontaobhas Abhainn Nore na Siúire (Cill Chainnigh)
  • Iontaobhas Aibhneacha na Máighe (Luimneach)
  • Iontaobhas Abhainn na Muaidhe (Maigh Eo)
  • Iontaobhas Abhainn na Sláine (Loch Garman)
  • Iontaobhas Aibhneacha Chill Mhantáin Thoir (Cill Mhantáin)

Gluaiseacht Iontaobhas Aibhneacha na hÉireann


Tá Gluaiseacht Iontaobhas Aibhneacha na hÉireann cleamhnaithe le “hIontaobhas na nAibhneacha” arb é an scáthghrúpa d’Iontaobhais Aibhneacha ar fud Shasana, na Breataine Bige agus na hÉireann é. Tá líonra Iontaobhas Aibhneacha agus Iascaigh ar leith ag Albain.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi a mbunaítear Iontaobhas Aibhneacha, téigh go catchments.ie nó téigh i dteagmháil le Mark Horton (an tOifigeach Forbartha Uile-Éireann) ar 00442886761515 nó seol ríomhphost chuig mark@theriverstrust.org. D’fhéadfá teagmháil a dhéanamh le hOifig na nUiscí agus na bPobal ar info@lawco.ie.

Cistíocht do Rannpháirtíocht ón bPobal


Is iomaí foinse cistíochta atá ar fáil do phobail áitiúla a bhféadfaí iad a úsáid chun tionscadail a bhaineann le haibhneacha agus tionscadail chomhshaoil eile a fhorbairt. Áirítear orthu sin:

An Ciste Uisce Pobail: Tá deontais ar fiú idir €500 agus €25,000 iad, ar fáil ó Chlár Uiscí na nÚdarás Áitiúil do phobail chun uisce, an bhithéagsúlacht, agus tionscnaimh ghníomhaithe ar son na haeráide a sholáthar.

Téigh chuig catchments.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

An Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail


Cruthaíodh an Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí bheith ag tacú le tionscadail comhshaoil ar mhionscála ar bhonn áitiúil. Oibríonn pobail agus grúpaí áitiúla le húdaráis áitiúla chun gníomh a dhéanamh ar fud réimsí amhail réimse an uisce, na bithéagsúlachta, an athraithe aeráide agus na dramhaíola.

Déanann údaráis áitiúla comhchistíocht ar thionscadail rathúla in éineacht leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Is féidir cistíocht a fháil ó fhoinsí eile, amhail an earnáil phríobháideach, chun go n-éireoidh níos fearr leis na tionscadail. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

An Clár um Fheabhsú Pobail


Is féidir le himeachtaí cultúir na Comhairle Ealaíon agus Éire Ildánach a bheith ina mbealach an-dearfach chun aird daoine a dhíriú ar fhadhbanna comhshaoil agus chun na naisc idir gnéithe difriúla dár n-oidhreacht agus dár gcultúr a léiriú. Bíonn aibhneacha agus lochanna na hÉireann ina dtéamaí d’an-chuid dár gceol, dár n-amhráin agus dár scéalta, rud a chuireann acmhainn shaibhir ar fáil chun smaointe a fháil nuair a bhítear ag eagrú imeachtaí den sórt sin.

Beidh foireann tionscadail ‘Uiscí LIFE’ ag eagrú cruinnithe agus imeachtaí rannpháirtíochta pobail, mar sin coinnigh súil amach anseo chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi ar féidir leat a bheith rannpháirteach.