Skip to main content

Córais Cóireála Fuíolluisce Tí

Úsáidtear córais cóireála fuíolluisce tí (DWWTS), dabhcha séarachais den chuid is mó, chun cóireáil a dhéanamh ar a gcamras.

Má dhéantar iad a dhearadh, a lonnú agus a chur isteach go cuí, d’fhéadfadh dabhach shéarachais agus córais cóireála fuíolluisce eile atá ar an láthair an-jab a dhéanamh chun fáil réidh le héilleáin amhail cothaithigh, ábhar orgánach agus miocróib ón bhfuíolluisce a tháirgtear inár dtithe. Fágann sin gur féidir an fuíolluisce a scaoileadh ar ais sa timpeallacht gan uiscí a thruailliú ná fadhbanna sláinte a chruthú.

Brúnna DWWTS


Mura ndéantar cóireáil chuí ar fhuíolluisce d’fhéadfadh sé núis a dhéanamh, a bheith ina chúis le truailliú nó an tsláinte phoiblí a chur i mbaol. Is fadhb ar leith iad na cothaithigh (fosfar, amóinia, níotráit) agus ábhar orgánach i bhfuíolluisce tí d’uiscí ardstádais a bhíonn an-íogair, fiú d’arduithe beaga sna héilleáin de ghnáth. Is féidir fadhbanna le córais cóireála fuíolluisce tí tarlú de bharr réimse leathan cúiseanna, mar shampla:

  • tá coinníollacha fo-optamacha ar an suíomh (draenáil a bhíonn ró-mhall nó ró-thapa);
  • ní dhearnadh an suíomh a mheas go cuí.
  • ní dhearnadh an córas a dhearadh go cuí.
  • níor cuireadh isteach é chuig an gcaighdeán cuí;
  • ní dhéantar cothabháil ar an gcóras.

Tá ardú tagtha ar na brúnna ó chórais cóireála fuíolluisce tí le blianta beaga anuas, mar sin tá sé ríthábhachtach go gcinnteodh úinéirí tí go bhfuil a gcórais cóireála ag feidhmiú go maith.

Oibreoidh Tionscadal ‘Uiscí LIFE’ i gcomhar le pobail sna dobharcheantair phíolótacha a bhfuil Cuspóir Ardstádais acu chun bearta a chur i bhfeidhm in áiteanna ina bhfuil córais cóireála fuíolluisce tí ag cur brú mór ar aibhneacha agus lochanna. D’fhéadfadh deontas suas le €5,000 a bheith ar fáil do theaghlaigh chun córais cóireála fuíolluisce tí, a mheastar a chuirfidh dobharlaigh i gceantair a bhfuil cuspóir ardstádais ag baint leo i mbaol, a dheisiú. Tá sonraí faoi na critéir incháilitheachta agus leibhéal na ndeontas ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus ó d’údarás áitiúil a dhéanann na deontais a riar.

Is féidir tuilleadh eolais faoi chórais cóireála fuíolluisce tí a fháil ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC).