Skip to main content

Úinéirí Talún & Grúpaí Leasa


Feirmeoirí

Ar na príomhaidhmeanna atá ag Uiscí LIFE IP tá Scéim Íocaíochta Toradh-bhunaithe (RBPS) atá deonach agus píolótach a bhunú atá nasctha leis an gcaighdeán timpeallachta go ginearálta agus le caighdeán an uisce ach go háirithe.

Scéimeanna Íocaíochta Talmhaíochta Toradh-bhunaithe (RBAPS)


Le Scéimeanna Íocaíochta Toradh-bhunaithe ceanglaítear íocaíochtaí le caighdeán timpeallachta feirme, agus leibhéal íocaíochta níos airde a bhíonn ina thoradh ar chaighdeán timpeallachta níos airde. Roinntear gach talamh atá páirteach sa scéim, idir thalamh príobháideach agus talamh coimíneachta, ina gceapacha a bhfaigheann gach ceann acu scór bliantúil ó 0 go 10 ag brath ar an gcaighdeán timpeallachta. Cinntíonn an scór seo na leibhéil íocaíochta. Bíonn tionchar ag caighdeán na sruthchúrsaí agus i gcás na dtalamh príobháideach – caighdeán bhainistíocht chlós na feirme, ar an íocaíocht dheiridh trí mheasúnú uile-feirme a dhéanamh.

Cuireann sé seo úinéir na talún, a scileanna, a shaineolas agus an t-eolas atá aige ar a thalamh in áit lárnach chun an tionscadal seo a fhorbairt. Cruthaíonn sé margadh nua do na seirbhísí comhshaoil a chuireann úinéir na talún ar fáil tríd an mbainistíocht talún a dhéanann sé. Go minic, d’fhéadfadh na talaimh a bheith ag soláthar seirbhísí comhshaoil ar ardchaighdeán cheana féin. I gcásanna eile, tacófar le húinéirí talún ar mhian leo feabhas a chur ar chaighdeán comhshaoil a dtalamh chun é seo a bhaint amach leis an tionscadal seo.

Cuireann sé seo deis iontach ar fáil d’fheirmeoirí sna dobharcheantair léirithe chun an ról tábhachtach a ghlacann siad inár gcomhshaol a chosaint, go háirithe leis na haibhneacha a bhfuil cuspóir ardstádais acu, a aithint agus ómós a thabhairt dóibh. Tugann sé deis freisin teacht aniar na bpobal feirmeoireachta a neartú.

Cén chaoi a n-oibríonn RBAPS?


Is féidir tionchar díreach a bheith ag bainistíocht na talún feirme ar ghnáthóga. I ngnáthóga a bhfuil caighdeán níos airde acu, soláthraítear níos mó seirbhísí comhshaoil lena n-áirítear seirbhísí bithéagsúlachta, bainistíochta uisce agus stórála carbóin. Cé go ndírítear go príomha ar aibhneacha a bhfuil Cuspóir Ardstádais acu a chosaint agus a athchóiriú le clár ‘Uiscí LIFE’, leis an tionscadal seo aithnítear tábhacht na ngnáthóg lena mbaineann lena n-áirítear an choillearnach agus an talamh féaraigh, agus an gá le breithniú a dhéanamh ar an bhfeirm ina hiomláine mar chuid de chur chuige comhtháite i dtreo na bainistíochta talún inbhuanaithe. Is mar gheall air sin a úsáidfear táscairí torthaí a bhaineann le réimse fachtóirí ar féidir le tionchar a bheith acu ar chaighdeán an uisce, ar an mbithéagsúlacht agus ar an athrú aeráide, i bpróiseas na meastóireachta chun scór don chaighdeán timpeallachta ag an leibhéal feirme a chinntiú.

Ar na gnéithe eile a chinntíonn an caighdeán timpeallachta tá bainistíocht na talún feirme, an chothromaíocht chothaitheach, agus riocht agus bainistíocht na sruthchúrsaí. Déantar breithniú ar na fachtóirí seo i measúnú uile-feirme a mbíonn tionchar aige san íocaíocht toradh-bhunaithe deiridh.

I ngnáth RBAPanna amhail Tionscadal Bhoirne, Tionscadal Chromán na gCearc agus Tionscadal an Diúilicín Péarla, déantar measúnú ar chaighdeán na gnáthóige ar an láthair agus úsáid á baint as scórchárta atá deartha go sonrach chun príomhghnéithe gach gnáthóige a mheas. Ar an scórchárta tugtar marcanna chun caighdeán na gnáthóige a léiriú i dtéarmaí táscairí sonracha lena n-áirítear an bhithéagsúlacht (speicis planda), an bhainistíocht uisce, struchtúr an fhásra, an ithir nochta agus gníomhaíochtaí díobhálacha. Agus caighdeán níos airde a bheith ag an ngnáthóg, is amhlaidh is airde an marc a thugtar do gach cuid. Faigheann gnáthóga scór deiridh atá ar scála 0 (íseal) go 10 (ard) agus nasctar leibhéal na n-íocaíochtaí leis an scór seo.

Léirithe Spéise


Is tionscadal píolótach é ‘Uiscí LIFE’ a bhfuil sé d’aidhm aige an cur chuige seo a oiriúnú chun díriú níos mó ar chaighdeán an uisce agus chun a bheith ábhartha do chleachtais talmhaíochta atá níos déine. Forbrófar sonraí RBAPS ‘Uiscí LIFE’ in 2022, i gcomhairle le feirmeoirí agus le heagraíochtaí feirmeoireachta, d’fhonn iarradh ar fheirmeoirí léirithe spéise a chur ar aghaidh in 2023. Beidh an scéim seo mar aon le haon íocaíochtaí a d’fhéadfadh feirmeoir a fháil faoin gComhbheartas Talmhaíochta.

Foilseofar sonraí na scéime anseo nuair a bheidh siad críochnaithe.