Skip to main content

Dobharcheantar SC010 Abhainn na Gréine

52.987985 -8.614085

Clúdaíonn dobharcheantar Abhainn na Gréinne SC010 achar thart ar 174.5km2 in Oirthuaisceart Chontae an Chláir, agus gobann sé amach beagáinín ar Chontae na Gaillimhe.

Dobharcheantar SC010 Abhainn na Gréine

Ar na hocht ndobharlach san fho-dhobharcheantar seo níl ach trí cinn a bhfuil cuspóir ardstádais acu agus níl ach ceann amháin acu ag baint a chuspóra amach faoi láthair. Tá an dá cheann eile acu tar éis titim go stádas maith a bheith acu agus breithnítear go bhfuil ag teip orthu a gcuspóir a bhaint amach faoin bPlean Bainistíochta Abhantraí.

Is iad an fhoraoiseacht agus an talmhaíocht na brúnna suntasacha atá sa dobharcheantar. Roghnaíodh an dobharcheantar seo i gcomhairle le Coillte agus leis an tSeirbhís Foraoiseachta mar is dócha go mbeidh gníomhaíocht shuntasach foraoiseachta sa limistéar le linn ré an tionscadail. Leis sin, beifear in ann straitéisí bainistíochta iomchuí do limistéir a bhfuil ardstádas acu a fhorbairt.