Skip to main content

Hidreamoirfeolaíocht

Is disciplín sách nua í an hidreamoirfeolaíocht a bhfuil cur síos uirthi sa Chreat-Treoir Uisce. Tagraíonn sé do thréith fhisiciúil na habhann agus áirítear leis rith uisce san abhainn, cúrsa na habhann nó foirm agus cruth an chainéil abhann.

Brúnna hidreamoirfeolaíochta


Is é is brú hidreamoirfeolaíochta ann rud ar bith a mbíonn tionchar diúltach aige ar fhoirm nó ar shruth na habhann, mar shampla: coraí agus dambaí a d’fhéadfadh bac a chur ar bhealach na n-iasc; oibreacha draenála a dhéanann an cainéal a dhíriú agus a dhoimhniú agus dá réir, a dhéanann damáiste do ghnéithe tábhachtacha gnáthóige do speicis uisceacha agus creimeadh ithreach nó bruaigh a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le sioltadh ar ghrinneall na habhann.

Meastar gur brú suntasach é athruithe ar thréithe hidreamoirfeolaíochta uiscí dromchla i mbeagnach 29% de dhobharlaigh a bhfuil cuspóir ardstádais acu atá I mBaol gan na cuspóirí timpeallachta atá acu a bhaint amach. Is é an brú suntasach is forleithne atá ann laistigh de dhobharlaigh a bhfuil cuspóir ardstádais acu.

29%
HSO a bhfuil brú hidreamoirfeolaíochta orthu