Skip to main content

Tá caighdeán maith uisce ríthábhachtach mar chuid de chomhshaol folláin a mbeidh gach duine ábalta tairbhe a bhaint as. Nuair atá daoine ina gcónaí i ndobharcheantar ina bhfuil uiscí glana agus folláine is féidir leis cuidiú le pobal caighdeán saoil níos fearr a bheith acu agus is gné ríthábhachtach é de gheilleagar rathúil. Tá roinnt gnéithe laistigh de dhobharcheantar, ar a nglaotar “brúnna” a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar dhobharlaigh na tíre. Áirítear leis na brúnna suntasacha ar dhobharlaigh: talmhaíocht, hidreamoirfeolaíocht, foraoiseacht, fuíolluisce, agus tionscail eastóscacha.

In Éirinn, tá 4,842 dobharlach ar an iomlán againn agus meastar go bhfuil díreach os cionn 1,600 díobh seo “i mBaol” gan a gcuid cuspóirí a bhaint amach mar a cheanglaítear faoin gCreat-Treoir Uisce. Tá tionchar ag brú suntasach amháin ar dhíreach faoi bhun leath (46%) díobh seo, agus tá tionchar ag níos mó ná brú suntasach amháin ar an gcuid eile de na dobharlaigh (54%)

0

Water bodies

0

Considered to be "at Risk"

0

Impacted by a single significant pressure

Brúnna suntasacha


Tá deimhnithe ag an GCC go bhfuil an phróifíl riosca atá ag dobharlaigh a bhfuil cuspóir ardstádais acu éagsúil ón bpróifíl riosca ghinearálta i ndobharlaigh go náisiúnta. Go pointe áirithe, is mar gheall go mbíonn dobharlaigh a bhfuil cuspóir ardstádais (HSO) acu suite i gceantair shléibhe iargúlta den chuid is mó. I gcás na ndobharlach sin a bhfuil cuspóir ardstádais (HSO) acu atá i mbaol gan a gcuid cuspóirí a bhaint amach, tá sé deimhnithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) go raibh 29% díobh i mbaol ó bhrúnna hidreamoirfeolaíochta, 22% ón talmhaíocht, 20% ón bhforaoiseacht, 11% ó bhrúnna daonna atá aitheanta, 5% ó thionscail eastóscacha (móin agus cairéalú) agus 4% ó fhuíolluisce tí.

736
Impacted pressures
  • Sediment impact
  • Hydrological impact
  • Morphological impact

Hidreamoirfeolaíocht

Is disciplín sách nua í an hidreamoirfeolaíocht a bhfuil cur síos uirthi sa Chreat-Treoir Uisce. Tagraíonn sé do thréith fhisiciúil na habhann agus áirítear leis rith uisce san abhainn, cúrsa na habhann nó foirm agus cruth an chainéil abhann.

Léigh tuilleadh

Foraoiseacht

Is talamh foraoiseachta tráchtála thart ar an deichiú cuid de thalamh na hÉireann. Tá foraoiseacht tráchtála aitheanta mar bhrú suntasach i gcás 20% de dhobharlaigh a bhfuil cuspóir ardstádais ag baint leo a bhfuil baol ann nach mbainfidh siad amach a gcuspóirí maidir le caighdeán uisce.

Léigh tuilleadh

Cúrsaí Talmhaíochta

Is ar mhaithe le talmhaíocht an úsáid is coitianta a bhaintear as talamh in Éirinn – is ionann é agus beagnach dhá thrian (65%) den talamh. Tá sé aitheanta mar bhrú suntasach i gcás 22% de dhobharlaigh a bhfuil cuspóir ardstádais ag baint leo agus a bhfuil baol ann nach mbainfidh siad amach a gcuspóirí

Léigh tuilleadh

Tá baint mhóna chun críocha tráchtála nó tí, agus athruithe nó draenáil ar thailte móna le haghaidh úsáidí eile amhail foraoiseacht nó talmhaíocht aitheanta mar bhrú suntasach i thart ar 5% de dhobharlaigh a bhfuil cuspóir ardstádais acu a bhfuil baol ann nach mbainfidh siad a gcuspóirí maidir le caighdeán uisce amach. Is é seo

Léigh tuilleadh

Córais Cóireála Fuíolluisce Tí

Úsáidtear córais cóireála fuíolluisce tí (DWWTS), dabhcha séarachais den chuid is mó, chun cóireáil a dhéanamh ar a gcamras. Má dhéantar iad a dhearadh, a lonnú agus a chur isteach go cuí, d’fhéadfadh dabhach shéarachais agus córais cóireála fuíolluisce eile atá ar an láthair an-jab a dhéanamh chun fáil réidh le héilleáin amhail cothaithigh, ábhar

Léigh tuilleadh