Skip to main content

Tá caighdeán maith uisce ríthábhachtach mar chuid de chomhshaol folláin a mbeidh gach duine ábalta tairbhe a bhaint as. Nuair atá daoine ina gcónaí i ndobharcheantar ina bhfuil uiscí glana agus folláine is féidir leis cuidiú le pobal caighdeán saoil níos fearr a bheith acu agus is gné ríthábhachtach é de gheilleagar rathúil. Tá roinnt gnéithe laistigh de dhobharcheantar, ar a nglaotar “brúnna” a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar dhobharlaigh na tíre. Áirítear leis na brúnna suntasacha ar dhobharlaigh: talmhaíocht, hidreamoirfeolaíocht, foraoiseacht, fuíolluisce, agus tionscail eastóscacha.

In Éirinn, tá 4,842 dobharlach ar an iomlán againn agus meastar go bhfuil díreach os cionn 1,600 díobh seo “i mBaol” gan a gcuid cuspóirí a bhaint amach mar a cheanglaítear faoin gCreat-Treoir Uisce. Tá tionchar ag brú suntasach amháin ar dhíreach faoi bhun leath (46%) díobh seo, agus tá tionchar ag níos mó ná brú suntasach amháin ar an gcuid eile de na dobharlaigh (54%)