Úinéirí Talún & Grúpaí Leasa
Ag obair le chéile chun ár gcomhshaol agus ár bpobail tuaithe a chosaint, a athchóiriú, meas a léiriú orthu agus iad a choinneáil.
Ceann de na príomhaidhmeanna atá ag tionscadal ‘Uiscí LIFE’ is ea a bheith ag obair le húinéirí talún agus le pobail chun feasacht a ardú i leith dhobharlaigh blue dot agus cur chun cinn a dhéanamh i leith a gcosanta agus a n-athchóirithe. Déanfar é seo tríd a bheith ag tacú leis an obair atá á déanamh cheana féin agus trí níos mó daoine a spreagadh le bheith páirteach ann. Tá ról ag gach duine sa tionscadal seo agus is ar úinéirí talún agus ar an rannpháirtíocht ón bpobal atá a rath bunaithe.
Is féidir leis an bhforaoiseacht tionchar a bheith aici ar aibhneacha ar roinnt bealaí, lena n-áirítear: caillteanais dríodair le linn saothrú foraoiseachta nó oibríochtaí plandála; athruithe ar chórais srutha agus ar an tsainghné fhisiciúil trí oibreacha draenála; caillteanais cothaitheach a bhaineann le bruscán a mhiondealú, oibríochtaí toirchithe nó caillteanais amóinia ó na tailte portaigh.