Uiscí LIFE

Is Tionscadal Comhtháite de chuid LIFE AE é Uiscí LIFE, a bhfuil sé d’aidhm aige cuidiú le meath uiscí na hÉireann is mó gan mhilleadh a chur ina cheart.

Cur chuige Uiscí LIFE

Nuacht & Imeachtaí

April 29, 2022

Waters of LIFE project launch
The EU Waters of LIFE integrated project will be launched by Minister of State for Heritage, Malcolm Noonan on Friday 29th April in Kilmallock, Co. Limerick.  Attendees will join us

Nuachtlitir


Dá mba mhian leat clárú lenár liosta seoltaí, líon isteach do shonraí thíos.



    Is iad seo a leanas na comhlachtaí a thacaíonn le hUiscí LIFE:

    Clár LIFE an Aontais Eorpaigh

    Is faoin gClár LIFE a chuireann AE cistí ar fáil do bheartaíocht maidir le cúrsaí timpeallachta agus cúrsaí aeráide. Cuireadh tús leis in 1992 agus rinneadh na mílte tionscadal i réimse chosaint an chomhshaoil a chomhchistiú leis an gclár.

    An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

    Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as cinntiú go bhfuil na beartais, na rialacháin agus na hacmhainní cearta curtha i bhfeidhm chun an Chreat-Treoir Uisce a chur chun feidhme. Tá sé d’aidhm ag rannán uisce na Roinne na hacmhainní uisce in Éirinn a chosaint agus feabhas a chur orthu.

    Eolas Tráthúil

    Dobharcheantair Phíolótacha


    Tá sé fho-dhobharcheantar roghnaithe le bheith ina ndobharcheantair léirithe do thionscadal uiscí life. Déanfar bearta chun dul i ngleic le brúnna éagsúla lena n-áirítear hidrea-mhoirfeolaíocht, foraoiseacht, talmhaíocht, fuíolluisce agus brúnna eile a thástáil i gcúig cinn de na ceantair sin, agus feidhmeoidh an séú ceann ina limistéar rialaithe. Seachas an limistéar rialaithe, roghnaíodh na dobharcheantair seo mar go bhfuil baol ann nach mbainfidh siad amach an cuspóir ardstádais atá leagtha amach dóibh faoin bPlean Bainistithe Abhantrach d’Éirinn 2022- 2028.

    Léigh Tuilleadh

    Dobharlaigh a bhfuil Cuspóir Ardstádais acu


    Is éard atá i gceist le dobharlaigh a bhfuil cuspóir ardstádais acu na haibhneacha agus na lochanna a bhfuil an caighdeán is fearr uisce acu. Tá cónaí ar an-chuid speiceas atá íogair don truailliú sna huiscí seo agus ní bheidís ábalta maireachtáil in uiscí a bhfuil caighdeán níos ísle acu. Tá staid fhisiceach nádúrtha ag uiscí a bhfuil ardstádas acu nach bhfuil athraithe de bharr ghníomhaíochtaí an duine e.g. níor dhírigh daoine daonna an cainéal abhann nó níor thóg siad struchtúir chrua chun tacú le bruacha na habhann. Tá caighdeán uisce den chéad scoth ag na huiscí seo gur beag cothaitheach iomarcach agus leabaí abhann sláintiúla atá acu nó nach bhfuil cothaitheach iomarcach agus leabaí abhann sláintiúla ar bith acu, atá saor ón iomarca sioltacháin.

    Is éard atá i gceist le dobharlaigh a bhfuil Cuspóir Ardstádais acu nó dobharlaigh “blue dot” dobharlaigh a bhfuil ardstádas acu faoi láthair nó a bhí ardstádas acu le tamall anuas agus ar leagadh sprioc amach i leith a athchóirithe go mbeidh ardstádas acu i bPlean an Cheantair Abhantraí d’Éirinn 2022 go 2027.

    Léigh Tuilleadh

    Scéimeanna Íocaíochta Talamhaíochta Toradh-bhunaithe


    Le Scéimeanna Íocaíochta Toradh-bhunaithe (RBAPS) ceanglaítear íocaíochtaí le caighdeán timpeallachta feirme, agus leibhéal íocaíochta níos airde a bheith ina thoradh ar chaighdeán timpeallacha níos airde. Roinntear gach talamh atá páirteach sa scéim, idir thalamh príobháideach agus talamh coimíneachta, ina gceapacha a bhfaigheann gach ceann acu scór bliantúil ó 0 go 10 ag brath ar chaighdeán na timpeallachta. Cinntíonn an scór seo na leibhéil íocaíochta. Bíonn tionchar ag caighdeán na sruthchúrsaí agus i gcás na dtalamh príobháideach – caighdeán bhainistíocht chlós na feirme, ar an íocaíocht dheiridh trí mheasúnú uile-feirme a dhéanamh.

    Cuireann sé seo úinéir na talún, a scileanna, a shaineolas agus an t-eolas atá aige ar a thalamh in áit lárnach chun an tionscadal seo a fhorbairt agus cruthaíonn sé margadh nua do na seirbhísí comhshaoil a chuireann úinéir na talún ar fáil tríd an mbainistíocht talún a dhéanann sé. Cuireann sé deis iontach ar fáil d’fheirmeoirí sna dobharcheantair léirithe chun an ról tábhachtach a ghlacann siad inár gcomhshaol a chosaint, go háirithe na haibhneacha a bhfuil cuspóir ardstádais acu, a aithint agus ómós a thabhairt dóibh. Tugann sé deis freisin teacht aniar na bpobal feirmeoireachta a neartú.

    Léigh Tuilleadh

    Acmhainní

    Project Partners